Cosc ar ‘Sea!
Comhthéasc Teagascach:
Táim ag múineach
rang a trí i mbliaina i mbunscoil lán-Ghaeilge. Is rang iontach agus
díograiseach iad ach is rang lag go leor iad chomh maith. Tá seisear sa rang le
riachtanais speisialta oideachais atá diagnóisithe. Is scoil “DEIS” í suite i gceantar
an-mhíbuntáiste agus is annamh a cloiseann na daltaí Gaeilge lasmuigh den coras
oideachas. Tá beirt sa rang le tuismitheoir amháin a labhraíonn teanga eile ach
tríd is tríd níl ach Béarla sa bhaile acu. In ainneoin é seo, níl Béarla maith
acu ach an oiread. Is breá leo bheith ag canadh agus an ábhar scoile
eolaíochta. Is rang mór go leor é le cúigear is scór daltaí.
Saincheist Rothnaithe Teanga:
Ní chóir dom
bheith ag gearán faoi daltaí rang a trí ag déanamh botún aitithe nuair a
dhéanann rialtas na tíre an botún cheanna le dúshlan aistriuchán an reifrinn
(lé eile don sciolladh sin!). Déanann siad dearmad faoin mbealach nach bhfuil
focal amháin sa Ghaeilge don fheagra dearfach nó don fhreagra diúltach mar atá
sa Bhéarla agus mar sin caithfidh tú an briathar a úsáidtear sa chéist a úsáid
sa fheagra. Ná habair “is ea” nó “ní hea”. Téann an saincheist seo tríd na
haimsirí éagsúla.
Gach lá ar scoil, toisc nach bhfuil Gaeilge mar chéad teanga
na daltaí cloiseann tú an céist “conas a deireann tú xyz i nGaeilge?” nó “Conas
a dheirfea xyz?” go minic. Tá na paistí ag smaoineamh i mBéarla agus ag iarradh
caint i nGaeilge le structúr an Bhéarla. Uaireanta ní bhíonn focal airithe sa
Ghaeilge chun an rud Béarla a rá ach tá frasaí leis an miniú cheanna nó bealach
eile chun an rud a rá. Ansin, uaireannta tugann na daltaí freagra a thugann le
fios dom go creideann siad gur teanga sórt neamhiomlán í an Ghaeilge agus bím
míshásta leis sin. Is masla é don teanga iontach stairiúil seo. I mo thuairim,
rudaí suimiúla iontacha iad focail gan aistriuchán i dteanga ar bith, agus uaireanta
insíonn siadsan rud eile faoi cultúr ‘s luachanna na ndaoine a labhraíonn an
teanga seo. Cuireann an smaoineamh seo i
gcuimhne dom uair sa Ghaeltacht nuair a chuir cailín ceist ar an bean an tí
“Cad í an Ghaeilge do “calories”?” agus d’fhreagair an bean an tí “Níl aon
calories i gCorca Dhuibhne”!
Mar atá thuasluaite, sa Ghaeilge, úsáidtear an briathar den cheist
sa fhreagra. Mar shampla: “An rachaidh tú?” “Rachaidh mé.” “Ar bhris tú?” “Níor
bhris mé.” Toisc nach bhfuil ‘focal dearfach’ agus ‘focal diúltach’ i gceist,
ní mór don fhreagrór abairt iomlán a thabhairt ar ais. Is féidir tionchar na
rialach seo a fheicéail i mBéarla na hÉireann go minic agus formhór den dhaoine
Éireannacha ag úsáid an briathar ina bhfreagra.
Creideann na daltaí go bhfuil
“Sea” agus “Ní hea” mar aistriuchán ar an focal dearfach agus an focal diúltach
agus bím ag ceartú na botúin sin go minic. Nuair a cloisim “sea” deirim an
freagra ceart, mar shampla, “chonaic mé” agus ansin deirim don dalta é a rá
arís agus ansin deirim an ceist agus an freagra lé chéile mar shampla, “an
bhfaca, chonaic, ní fhaca”. Tá an rírá sin fadálach go leor gach lá.
Toisc go rang a trí lag go leor
iad níl thusicint iontach acu ar na haimsirí éagsúla agus mar sin bíodh teagasc
foirm-dhírithe an-éifeachtach chun déileáil leis an fadhbh seo.
Faoi lathair i ábhar scoile
tíreolaíochta táimid ag foghlaim faoi contaetha na hÉireann agus tá súim mór
acu agus baineann siad taitneamh as na ceacntanna seo. Roimh dul ar aghaidh go
dtí snath nua beidh sórt tráth na gceist againn mar cluiche chun measúnú a
dhéanamh ar an obair atá déanta againn. Beidh an deis seo oiriúnach chun deis a
thabhairt dos na daltaí chun spriocstrúctúr a úsáid.
Tabhairt faoi deara:
Cuirfidh mé an cur i láthair
seo ar siúl ar an clár bán seo seomra ranga. Beidh dhá fhoireann. Béidh dalta ó
foireann A ag léamh na ceisteanna nuair atá foireann B le freagair agus dalta ó
foireann B ag léamh na ceisteanna nuair atá foireann A le freagair agus iad ag
déanamh gach ré cheist. Má deireann aon dalta “Sea” nó “ní hea” ní cheartóidh
mé iad. Mar a fheicfidh tú, tá aibhsiú minicíochta den spriocstruchtúr. Tá
cúpla tagairtí ann de rudaí ó ceachtanna stair agus ceol sa threibhse cheanna
chomh maith.
Feasacht teanga:
Taispainfidh mé an cur i
lathair dóibh arís. Céistóidh mé an rang faoi cad a chonaic siad? Cad a thug
siad faoi deara? An bhfaca siad an dath eile ar na briathra? An bhfaca siad an
patrún leis na briathra rialta? Tabhairfidh mé deis dóibh teacht ar na rialacha
iad féin. Beidh plé againn ar cad a chonaic gach duine nach bhaineann le
tíreolas. Déanfaimid anailíse ar na patrún. Is scil an-thabhtach é seo agus
cabhraíonn sé le scileanna machnamh criticiúil na daltaí chomh maith.
Cleachtadh Riail- bhunaithe:
Fochóras gramadaí a dtuigtear í a bheith dúshlánach d’fhoghlaimeoirí an dara teanga sa Ghaeilge is an coincheap go mbeadh briathar in úsáid go cruinn ag an bhfoghlaimeoir mar fhreagra ar cheist a chuirtear orthu. In ainneoin go mbíonn aiseolas ceartaitheach ó bhaill foirne, obair ranga ar bun a dhíríonn ar an leagan cruinn den dteanga a úsáid maraon le mór- chleachtais uile scoile eile a bheith ar bun, feictear dom nach bhfuil an sainghné teangeolaíoch áirithe seo sealbhaithe go cruinn go fóill ag ceadatán ard do leanaí na scoile.
Eachtraíonn Ó Duibhir (2009) nach gcabhraíonn an inniúlacht teoranta phróiseála agus an brú a bhíonn ar leanbh le mí- chruinneas den chineál seo a sheachaint. Tuigimid ó Skehan (1998) agus Long agus Robinson (1998) nach gcothaíonn mí- chruinneas dá leithéid aon bhac cumarsáide agus is minic a leantar leis. I gcásanna áirithe, ní cabhrach atá sé nach mbíonn dóthain aiseolas á fáil ag leanaí ó mhúinteoirí i dtaobh an spriocstruchtúr a cheartú (Lyster, 1998.) Chruthaigh Ó Baoill (1989) nach dearfach an tionchar a bhíonn ag leanaí a labhrann go mí- chruinn taobh amuigh den tseomra ranga ar a chéile.
Ba dheas liom an dúshlán a shárú agus a chinntiú go mbeadh an sainghné teangeolaíoch áirithe seo sealbhaithe go cruinn ag leanaí an ranga. ’S é sin le rá go mbeadh an briathar cruinn in úsáid mar fhreagra ar cheist ar bhonn neamhchomhfhiosach, teangmhasach ag na leanaí. Tá sé beartaithe agam teagasc ábharbhunaithe a bheith ar bun agam chuige seo ina mbeidh teanga agus ábhar á chomhshnaidhmeadh agus múinte go comhuaineach. Tabharfaidh mé faoi sraith tascanna teagaisc a dhearadh maraon le gníomhaíochtaí gaolmhara a bheith curtha san áireamh atá dírithe ar an sainghné teanga.
Mar ghníomh tabhairt faoi deara, is scileanna gabhchumais a bhí in úsáid ag na leanaí agus iad i mbun an ghníomhaíocht glactha ‘Tráth na gCeist na gContaetha!’ Scileanna ginchumais a chleachtaigh na leanaí roimhe seo mar chuid dá ngníomh feasachta. Gníomhaíochtaí giniúna atá deartha agam i gcás an cleachtadh riail- bhunaithe atá beartaithe agam do na foghlaimeoirí, áit a bheidh na scileanna ginchumais labhartha agus scríobhnóireachta in úsáid sa treis acu.
Is mór an méid deiseanna a bhaineann leis an ábhar ‘Contaetha na h- Éireann’ i dtaobh abairtí, nathanna agus ceisteanna a bhfuil an sainghné lárnach iontu. Cruthóidh sé seo comhthéacs lán- bhrí do na foghlaimeoirí, áit a bheidh siad ag díriú ar an ábhar agus ar an sainghné theangeolaíoch i dteannta a chéile.
Cúig mór- ghníomhaíocht atá mar bhunús leis an gcur chuige rialaithe agam. Seo a leanas mar atá an cur síos orthu:
- Cleachtadh Meaitseála
- I ngrúpaí, tugann na leanaí faoi chluiche meaitseála a imirt. Leagtar beart ceisteanna ar an bord agus scaiptear freagraí na gceisteanna ar fud an bhord.
- Ainmnítear leanbh amháin le bheith ina ‘G(h)arda Cruinnis’. Bronnfaidh sé/ sí cúntór ar na leanaí gach aon bhabhta a bhíonn rath orthu sna h- iarrachtaí acu. Is ag an ‘nGarda Cruinnis’ a bheidh bileog a bhfuil na ceisteanna agus na freagraí a ghabhann leo luaite ar.
- Duine ar dhuine, tugann na leanaí faoi cheist a ardú ón mbeart, í a léamh os ard agus freagra a roghnú le dul leis.
- Aithnítear an té atá buachach ar an gcluiche.
2. Athimirt a Dhéanamh ar an gCluiche:
- Tugtar an deis do leanbh éagsúil a bheith mar ‘Gharda Chruinnis’.
- An cur chuige céanna a bheidh sa dara imirt den gcluiche. An babhta seo, bronnfaidh an ‘Gharda Cruinnis’ cúntóir sa bhreis ar aon leanbh a n- éiríonn leo meaitseáil cruinn a bhaint amach taobh istigh de cúig soicind. Is ag an ‘nGarda Cruinnis’ a bheidh an clog.
3. Cleachtadh Léarscáile i mBeirteanna:
- Fágtar léarscáil na h- Éireann idir gach beirt. Tugtar dhá bhileog an duine le ceisteanna agus freagraí liostaithe ar don bheirt leanbh.
- Cuireann ‘Páirtí 1’ deich gceist ar ‘Pháirtí 2’ atá luaite ar an mbileog.
- Roghnaíonn ‘Páirtí 2’ an freagra cuí ar an mbileog aige/ aici agus cuireann sé/ sí ciorcal timpeall ar.
- Malartaíonn na páirtithe an dá ról acu i ndiaidh don gcéad deich gceist a bheith curtha.
- Tugann na leanaí faoin gcéad deich gceist eile.
- Ceartaíonn na páirtithe freagraí a chéile agus áirítear an scór.
4. Seal Saor- cheistíochta:
- Gníomh piarmheasúnú a bheidh sa chleachtadh áirithe seo.
- Agus na páirtithe céanna ag obair i dteannta a chéile, éilíonn siad an deis cúig cheist an duine a chumadh bunaithe ar chontaetha na h- Éireann. Ceisteanna a bheidh anseo nach bhfuil freagraí ar thaifead acu dóibh.
- Ar bhonn buile faoi thuairim a thabhairt/ meastúchán a dhéanamh, ceistóidh agus freagróidh na páirtithe a chéile gach ré babhta.
- Déanfar plé ag leibhéal ranga maidir leis an gcleachtas. Tugfar deis do na leanaí a chur in iúil don rang maidir le conas ar éirigh leo sa ghníomh.
Cleachtadh Cumarsáideach:
Tagairtí:
Mar theagascóir, is dírithe atá mé ar a bheith i mbun measúnaithe ar thuciscint na leanaí ar an ábhar (Contaetha na h- Éireann) agus ar an sainghné theangeolaíoch (go mbeadh an briathar cruinn tugtha ar cheist.) Taibhsítear dom gur laghad comharthaí sóirt a bhíonn le sárú ag foghlaimeoirí a chuirtear iliomad deiseanna cainte faoina mbráid. Agus mé i mbun teagasc ionduchtach (Elllis 2006) sa chás seo, is cumarsáideach an cur chuige a bheidh agam. I gcás rialacha an spriocstruchtúir a úsáid, is faoi na foghlaimeoirí a bheidh an rogha. Más ann go dtugann na leanaí faoi rialacha úsáid, is go nadúrtha a tharraingeoidh siad orthu.
Is taitneamhach, pléisiúrtha an taithí í d’fhoghlaimeoirí teanga óga a bheith ag obair as lámh a chéile mar bhuíon ar son sprioc ar leith a bhaint amach. Luann Lyster (1994) an fhiúntas a bhaineann le h- idirbheartaíocht foirne agus foghlaimeoirí rathúla i mbun foghlama. Chuige seo, tá socraithe agam gur i ngrúpaí a bheidh na leanaí ag obair. Is ualach an líon deiseanna cumarsáide ó bhéal a sholáthróidh comhpháirtíocht den saghas seo do na leanaí indibhidiúla.
Seo mar atá beartaithe agam do ghníomhaíochtaí cleachtadh cumarsáide:
- An Fhinnscéal ‘Táin Bó Cuailgne.’
- Insíonn an múinteoir an fhinnscéal ‘Táin Bó Cuailgne’ don rang. Áibhsítear an suantas a bhaineann le contaetha Chúige Chonnacht agus Ulaidh a luaitear sa scéal.
- I ngrúpaí de thriúr, tugann na leanaí faoi chleachtas drámaíochta i bhfoirm agallamh a mhairfidh idir nóiméad agus dhá nóiméad. Seo mar a bheidh rólanna na leanaí:
Páirtí 1: An t- Iriseoir
Páirtí 2: An Banríon Méabh
Páirtí 3: Léiritheoir an Chláir
- Tugtar deis do na leanaí a bheith i mbun cleachtadh ar an t- agallamh ina spás féin den seomra ranga.
- Mínítear do na leanaí gur i mbun ceistíochta a bheidh ‘An t-Iriseoir’ ar an ‘mBanríon Méabh’. Is faoi ‘Léiritheoir an Chláir’ a bheidh sé treoracha a thabhairt do na h- aisteoirí i dtaobh an agallamh a bheidh idir láimhe acu don gclár teilifíse.
- Fáilteófar roimh na buíon uile an t- agallamh acu a chur i láthair don rang.
- I dteannta a chéile, cuirfidh mé, mar theagascóir, agus an lucht féachanna aiseolas faoi bhráid na ngrúpaí i bhfoirm dhá phointí dearfacha agus pointe feabhais amháin.
2. Clár Teilifíse Ranga
- Ainmnítear triúr leanaí le rólanna ‘Stiúrthóir an Chláir’, ‘Léiritheoir Seite’ agus ‘Láithreoir an Chláir’ a ghlacadh. Ullmhóidh triúr leanaí iad féin le bheith mar mholtóirí ar an gclár.
- Is i mbun cleachtadh a rachaidh na grúpaí ó chéim 1 thuasluaite ar an t- agallamh acu. Spreagtar na leanaí le snas a chur ar na sceitsí acu agus an t- aiseolas faoin am seo ar na súile acu.
- Tabharfar deis do ‘Stiúrthóir an Chláir’, don ‘Léiritheoir Seite’ agus do ‘Láithreoir an Chláir’ seal gairid a chaiteamh le gach grúpa agus an tréimse cleachtadh ar bun. Míneófar do na h- aisteoirí conas mar a bheidh leagan amach an chláir.
- Cuirfear tús leis an gclár agus tabharfaidh na h- aiseoirí faoi léiriú a dhéanamh ar na h- agallamh acu.
- Ceistóidh ‘Láithreoir an Chláir’ na moltóirí maidir leis an mbreithiúnas atá acu i ndiaidh do gach sceitse a bheith léirithe.
- Fáilteófar roimh na leanaí atá sa lucht féachanna cárta glas a ardú agus an spriocstruchtúr in úsáid go cruinn sa chlár, cárta buí más ann go bhfuil easpa chinnteachta orthu agus cárta bán más mí- chruinn atá an t- úsáid.
Cur chuige ceistíochta atá mar bhunús ar na cleachtaí cumarsáide atá deartha agam. Tascanna áirge is ea iad (Loschky agus Bley- Vroman 1993, i Nassaji 2000) a sholathróidh iliomad deiseanna do na leanaí ceisteanna a chur agus a fhreagairt go cruinn má shochraíonn siad an spriocstruchtúr a úsáid. Is ag súil atá mé go mbeidh an sainghné theageolaíoch in úsáid ag na foghlaimeoirí go h- uathoibríoch, cumarsáideach, iniúlach.
Tagairtí:
Ellis, R. (2006) Current issues in the teaching of grammar: An SLA perspective. TESOL Quarterly 0 (1), lth. 83- 107.
Long, M. H. agus Robinson, P. (1998) Focus on form: Theory, research, and practice. In Doughty, C. & Williams, J. eds. Focus on form in classroom second language acquisition. Cambridge, Cambridge University Press, lth. 15- 41. Luaite in Ó Duibhir, P. (2009) The Spoken Irish of 6th class pupils in Irish immersion schools. Trinity College, Dublin.
Lyster, R. (1994) The effect of functional- analytic teaching on aspects of french immersion students’ sociolinguistic competence. Applied Linguistics 15(3), lth. 261- 287.
Lyster, R. (1998b) Immersion pedagogy and implications for language teaching. In Cenoz, J. & Genesee, F. eds. Beyond bilingualism: Multilingualism and multilingual education. Clevedon, Multilingual Matters, lth 64- 95. Luaite in Ó Duibhir, P. (2009) The Spoken Irish of 6th class pupils in Irish immersion schools. Trinity College, Dublin.
Nassaji, H. (2000). A reply to sheen. The Canadian Modern Language Review 56, lth. 507- 513.
Ó Baoill, D (1989) An treo atá faoi chaint an phobail. Teangeolas 26, lth 9- 12. Luaite in Ó Duibhir, P. (2009) The Spoken Irish of 6th class pupils in Irish immersion schools. Trinity College, Dublin.
Ó Duibhir, P. (2009) The Spoken Irish of 6th class pupils in Irish immersion schools. Trinity College, Dublin.
Ó Duibhir, P., (2009) The Spoken Irish of Sixth Class pupils in Irish Immersion schools
Aisling Ní Dhiorbháin & Pádraig Ó Duibhir (2017) An explicit-inductive approach to grammar in Irish-medium immersion schools, Language Awareness, 26:1, 3-24, DOI: 10.1080/09658416.2016.1261870
Skehan, P. (1998) A cognitive approach to language learning. Oxford, Oxford University Press. Luaite in Ó Duibhir, P. (2009) The Spoken Irish of 6th class pupils in Irish immersion schools. Trinity College, Dublin.
http://www.nicurriculum.org.uk
http://www.nicurriculum.org.uk

Comments
Post a Comment